Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Tionscadal r-Phleanála

Tá an GBRÁ ag obair ar mhórthionscadal chun an bpróiseas iarratas ar phleanáil a chur ar líne.


I láthair na huaire, ní féidir le baill den phobal, forbróirí nó gníomhairí iarratais ar phleanáil a dhéanamh ar líne i bhformhór na n-údarás áitiúil. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear iarratais a chur isteach ar chóip chrua chuig an údarás áitiúil, rud a bhaineann go minic le go leor doiciméad, léarscáileanna, líníochtaí, fógraí nuachtáin, etc.

Leis an Tionscadal r-Phleanála forbrófar córas ar líne trína mbeifear ábalta na hiarratais ar phleanáil a dhéanamh agus trína gcoinneofar na hiarratasóirí ar an eolas faoi dhul chun cinn a n-iarratais.

Tá sé mar aidhm leis an tionscadal feabhas a chur ar éifeachtúlacht, an seans go mbeidh iarratais neamhbhailí ann a laghdú, agus straitéis an rialtais a bhaint amach maidir le níos mó seirbhísí poiblí a chur ar líne.

Dul chun cinn an tionscadail

Tá an tionscadal r-Phleanála sa chéim forbartha faoi láthair agus táimid i ndlúthchomhairle leis na húdaráis áitiúla ar fad lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an córas na riachtanais agus go gcomhtháthófar é a mhéad is féidir le córais atá ann cheana.

Tá an tionscadal á dhéanamh ar bhonn céimnithe, agus cuirfear forbairt, tástáil agus cur i bhfeidhm ghnéithe agus fheidhmiúlacht an chórais de réir a chéile.

Táthar ag súil leis an gcéad chéim cur i bhfeidhm beo go mbeifear ábalta iarratais ar phleanáil a chur isteach ar líne le fógraí leantacha. Cuirfear feidhmiúlacht bhreise leis i gcéimeanna eile.