Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Ráiteas inrochtaineachta

Ráiteas Rochtana

Tá an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) tiomanta a suíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Soghluaiste Comhlachtaí Earnála Poiblí) 2020. 

Tá an suíomh gréasáin seo comhlíontach i bpáirt le caighdeán WCAG 2.1 leibhéal AA.  Ciallaíonn comhlíontach i bpáirt nach bhfuil codanna áirithe den ábhar comhlíontach go hiomlán leis an gcaighdeán inrochtaineachta. Áirítear comhaid PDF leis na míreanna ábhair nach bhfuil inrochtana.  Tá foireann na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil i mbun athbhreithnithe ar inrochtaineacht comhad PDF féachaint le feabhas a chur uirthi.

D’fhéadfadh naisc a bheith ar an suíomh seo chuig suíomhanna gréasáin eile nach bhfuil smacht againn orthu.  Níl an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil freagrach as cleachtais phríobháideachais ná as ábhar a leithéid de shuíomhanna gréasáin.

Aiseolas:  Agus an suíomh gréasáin seo á úsáid agat, má fhaigheann tú rochtain ar ábhar nach féidir leat a úsáid i ngeall ar chúinse inrochtaineachta, déan teagmháil linn agus déanfaimid iarracht do riachtanas a shásamh ar bhealach éigin eile. 

Sonraí Teagmhála: Oifigeach Inrochtaineachta, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Teach Rialtais Áitiúil, 35-39 Cé Uiséir, Baile Átha Cliath 8 D08 H56R.

 Teileafón: 01-6332200

 Ríomhphost: accessibilityofficer@lgma.ie