Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Straitéis, taighde agus cumarsáid

Tugaimid comhairle agus tacaíocht maidir le forbairt straitéisí agus beartas ar fud na hearnála rialtais áitiúil.

Tacaíonn ár gColún Straitéise, Taighde agus Cumarsáide leis na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh.

Straitéis

Oibrímid leis na húdaráis áitiúla agus dreamanna eile chun ceisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, tugaimid comhairle maidir le dúshláin, agus stiúraimid athrú dearfach don earnáil.

Tá foirne againn atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla sna réimsí seo a leanas:

  • Thithíocht, Tógáil agus Úsáid Talún
  • Ghníomhú ar son na hAeráide, Iompar agus Gréasáin
  • Fhorbairt Tuaithe, Pobal, Turasóireacht, Cultúr agus Oidhreacht
  • Ghnó, Fiontair, Nuálaíocht agus Athnuachan Gheilleagrach Ceantar Uirbeach/Bailte
  • Uisce, Bainistíocht Dramhaíola, Comhshaol agus Pleanáil Éigeandála
  • Leabharlanna


Déanann an foirne sin riachtanais uile na n-údarás áitiúil a bhainistiú sna réimsí sin. Áirítear ar a raon oibre:

  • Anailís, forbairt agus comhairle faoi bheartais
  • Cuir chuige earnála agus cláir oibre a bhainistiú
  • Idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí seachtracha agus gníomhú mar ghuth ionadaíoch don earnáil rialtais áitiúil
  • Clár TFC agus cláir eile a fhorbairt agus a bhainistiú chun tacú leis an réimse gnó
  • Forbairt cur chuige earnála agus seirbhísí comhroinnte a mholadh agus a bhainistiú
  • Tacú le forbairt agus cur chun feidhme beartas rialtais ábhartha


Taighde

Déanann agus coimisiúnaíonn an fhoireann taighde taighde agus anailís sonraí le bonn eolais a chur faoin earnáil rialtais áitiúil agus chun gníomhaíochtaí na n-údarás áitiúil a thuairisciú.

  • Tugaimid faoi thionscadail taighde ar thopaicí a mbaineann tábhacht straitéiseacha leo d’údaráis áitiúla.
  • Déanaimid bailiú agus anailís sonraí a bhainistiú don earnáil mar fhreagairt ar iarratais ó ghníomhaireachtaí Rialtais agus ó ghníomhaireachtaí eile
  • Soláthraímid comhairle agus cúnamh maidir le taighde, bailiú sonraí agus anailísíocht sonraí

Tá taighde a rinne Foireann Taighde an GBRÁ ar fáil sa rannóg Foilseachán. 

Cumarsáid

Oibríonn foireann cumarsáide an GBRÁ chun feasacht agus tuiscint ar obair na hearnála rialtais áitiúil a mhéadú, agus chun cumarsáid, comhairliúchán, agus rannpháirtíocht éifeachtach leis an earnáil a éascú.

  • Tugaimid obair na n-údarás áitiúil chun suntais agus ardaímid feasacht fúithi
  • Tugaimid tacaíocht don earnáil agus oibrímid ar a son
  • Déanaimid branda Údaráis Áitiúla na hÉireann a bainistiú, a dhéanann ionadaíocht don 31 údarás áitiúil ar fud agus don earnáil rialtais áitiúil.